Mol Ní Mhaoileoin I mBaile Átha Cliath Ní fhaca mé riamh, Aon chailín níos sciamhaí ná Mol Ní Mhaoileoin, Ag stiúradh a barra, Gach áit ins an chathair, Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo! Is iad go breá beo, is iad go breá beo, Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo. Ba mhangaire éisc í, An cheird di ab éascaí, Ós amhlaidh dá muintir ó chianta fadó, Ag stiúradh a mbarra, Gach áit ins an chathair, Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo! Is iad go breá beo, is iad go breá beo, Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo. Ach mo chreach is mo dhiachair, Fuair Mol bhocht an fiabhras, Agus b'in i an chríoch a bhí le Mol Ní Mhaoileoin, Ach tá taibhse sa chathair, ag stiúradh a barra, Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo! Is iad go breá beo, is iad go breá beo, Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo. |